CULTURE | |||||||||||
Teachtaireacht ón Uasal Matsuura tráth chomóradh, “2008, Bliain Idirnáisiúnta na dTeangacha” |
|||||||||||
Tá sé fógartha ag Comhthionól na Náisiún Aontaithe gurb í an bhliain 2008 a bheidh mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTeangacha. Tá UNESCO, a bhfuil sé curtha de chúram uirthi gníomhaíochtaí le haghaidh na Bliana a chomhordú, meáite ar a ról a chomhlíonadh mar an phríomhghníomhaireacht.
Tá an Eagraíocht láneolach faoi ríthábhacht na dteangacha i gcomhthéacs na ndúshlán iomadúil a bheidh roimh an gcine daonna sna fiche nó tríocha bliain atá romhainn. Is deimhin go mbíonn teangacha riachtanach maidir le féiniúlacht grúpaí agus daoine aonair agus maidir lena gcó-mhaireachtáil shíochánta. Is toisc straitéiseach iad sa dul chun cinn i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus i dtreo comhchaidrimh shíthigh idir comhthéacs na cruinne agus an comhthéacs áitiúil. Baineann tábhacht ar leith leo ó thaobh sé chuspóir an oideachais do chách (ODC) agus na Cuspóirí Forbartha Mílaoise (CFM) a chomhaontaigh na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 2000 a bhaint amach. Mar thosca sa lánpháirtiú sóisialta, is amhlaidh a bhíonn ról straitéiseach ag teangacha i ndíothú an dianbhochtanais agus an ghéarocrais (CFM 1); mar thacaí le haghaidh na litearthachta, na foghlama agus scileanna saoil, bíonn siad riachtanach ó thaobh bunoideachas uilíoch a bhaint amach (CFM 2); ní mór an comhrac in aghaidh HIV/SEIF, na maláire agus galar eile (CFM 6) a throid i dteangacha na bpobal atá i gceist má táthar chun iad a bhaint amach; agus bíonn dlúthbhaint ag teangacha áitiúla agus dúchasacha le caomhnú an eolais agus an fheasa áitiúil agus dhúchasaigh d’fhonn inbhuanaitheacht chomhshaoil (CFM 7) a chinntiú. Ina theannta sin, bíonn baint nach beag ag an éagsúlacht chultúir leis an éagsúlacht teanga, rud a léiríodh san Fhorógra Uilechoiteann um Éagsúlacht Chultúir agus ina phlean gníomhaíochta (2001) ag UNESCO, sa Choinbhinsiún chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú agus sa Choinbhinsiún ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur chun Cinn (2005). In imeacht roinnt glún, áfach, tá an baol ann go mbeidh os cionn 50% de na 7,000 teanga a labhraítear ar domhan imithe as. Maidir leis an gceathrú cuid de na teangacha sin, ní úsáidtear i scoileanna ná sa chibearspás iad, agus ní úsáidtear a bhformhór ach ó am go chéile. I gcás na mílte teanga – cé go bhfuil máistreacht orthu ag na pobail sin arb iad a meán laethúil cumarsáide iad – ní úsáidtear iad sna córais oideachais, sna meáin chumarsáide, san fhoilsitheoireacht ná sa mhaighean poiblí i gcoitinne. Ní mór dúinn gníomhú anois mar bheart práinne. Ach conas? Trí bheartais teanga a spreagadh agus a fhorbairt lena gcuirtear ar chumas gach pobail teanga a chéad teanga, nó a mháthairtheanga, a úsáid chomh forleathan agus chomh minic agus is féidir, lena n-áirítear i gcúrsaí oideachais, agus ag an am céanna máistreacht a fháil ar theanga náisiúnta nó réigiúnach agus ar theanga idirnáisiúnta. Ina theannta sin, trí chainteoirí teanga ceannasaí a spreagadh chun máistreacht a fháil ar theanga náisiúnta nó réigiúnach eile agus ar theanga idirnáisiúnta amháin nó ar dhá theanga idirnáisiúnta. Ní féidir do na teangacha go léir ionad a aimsiú dóibh féin i gcomhthéacs an fhorchríochaithe go dtí go nglacfar go hiomlán leis an ilteangachas. Dá bhrí sin, iarrann UNESCO ar rialtais, eagraíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí oideachais, cumainn ghairme agus ar na páirtithe leasmhara go léir cur lena gcuid gníomhaíochtaí chun meas ar gach teanga, go háirithe na teangacha sin atá i mbaol, i ngach comhthéacs aonair agus comhchoiteann, agus a gcur chun cinn agus a gcaomhnú, a chothú. Bíodh tionscnaimh i gceist i réimse an oideachais, an chibearspáis nó na timpeallachta liteartha; bíodh tionscadail i gceist chun teangacha atá i mbaol a chosaint nó chun teangacha a chur chun cinn mar uirlis don lánpháirtiú sóisialta; nó bíodh iniúchadh i gceist ar an gcaidreamh idir teangacha agus an geilleagar, teangacha agus eolas dúchasach nó teangacha agus an cruthú, tá sé tábhachtach go ndéanfar an smaoineamh go bhfuil “tábhacht le teangacha!” a chur chun cinn gach áit. Bainfidh tábhacht ar leith leis an dáta 21 Feabhra 2008, dáta an naoú Lá Idirnáisiúnta Máthairtheangacha, agus beidh sé ina spriocdháta fíorchuí chun tionscnaimh a thabhairt ar aghaidh chun teangacha a chur chun cinn. Is é an cuspóir coiteann atá againn ná a chinntiú go n-aithnítear go náisiúnta, go réigiúnda agus go hidirnáisiúnta tábhacht na héagsúlachta teanga agus an ilteangachais sna córais oideachais, riaracháin agus dlí, i léirithe cultúir agus sna meáin chumarsáide, sa chibearspás agus sa trádáil. Le Bliain Idirnáisiúnta na dTeangacha 2008, beidh deis ar leith ar fáil chun dul chun cinn cinnte a dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.
|
|||||||||||
© 2008 - UNESCO |
|||||||||||